In English | Printáil | Clómhéid: A A A
Is oifigeach reachtúil é an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais a fheidhmíonn mar eadránaí neamhchlaonta maidir le conspóidí neamhréitithe a d'fhéadfadh a bheith idir custaiméirí nó gnólachtaí beaga agus a soláthróirí seirbhísí airgeadais.
Má lean tú na nósanna imeachta inmheánacha de chuid do sholáthróir seirbhís airgeadais maidir le gearán a dhéanamh agus fós níl tú sásta, d'fhéadfadh an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais iniúchadh a dhéanamh maidir le gearán faoi:
Ba chóir ceisteanna níos leithne maidir le cosaint tomhaltóirí a chur os comhair Rialtóir Airgeadais na hÉireann.
Ba chóir scríobh chuig an Ombudsman agus cúis do ghearáin a leagan amach, chomh beacht agus is féidir.
Tá an tseirbhís a chuireann an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais ar fáil, saor in aisce.
Tabhair ar aird le do thoil, má fhostaíonn tú dlíodóirí nó má úsáideann tú aon chabhair phroifisiúnta eile chun d'iarratas a láimhseáil, tú féin a bheidh freagrach go hiomlán as aon chostais dlíthiúla nó neamhdhlíthiúla a bheidh i gceist. Beidh gá le cead scríofa uaitse más mian leat go ndéanfaidh an tríú páirtí uiríolla duit.
Nuair a ghlactar gur chóir do ghearán a iniúchadh, iarrtar ar do sholáthróir seirbhís airgeadais freagra a thabhairt ar na ceisteanna a thagann chun solais. Murar féidir leis an Ombudsman glacadh le do ghearán le hiniúchadh, inseofar duit cén fáth. Iniúchófar na cúinsí go léir a bhaineann leis an ngearán. D'fhéadfaí go n-iarrfaí ort breis eolais nó doiciméadú tacaíochta a chur ar fáil.
Déantar gach cás a mheasúnú de réir fiúchais an cháis sin. I roinnt cásanna d'fhéadfaí theacht ar réiteach a shásódh an dá pháirtí. Murar féidir sin a dhéanamh, tabharfaidh an tOmbudsman breithiúnas ar an gceist. Nuair a thugtar breithiúnas, is féidir leis an ngearánach nó an soláthróir seirbhís airgeadais a bheidh i gceist, cinneadh an Ombudsman a achomharc chuig an Ard-Chúirt.
Is féidir leis an Ombudsman ordú don soláthróir seirbhíse chun ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas a dhéanamh:
D'fhéadfadh nach ndéanfaidh an tOmbudsman gearán a iniúchadh.